| CLÁR AMA - Timetable | |
08:15 |
Bricfeasta |
09:30 |
Léachtanna / Eachtraí |
13:00 |
Lón |
14:00 |
Léachtanna / Eachtraí |
18:00 |
Dinnéar |
20:00 |
Eachtraí Oíche |
22:00 |
Suipéar |
22:30 |
Seomraí |
23:00 |
Soilse Amach |
Complete and sign the 2 forms, include deposit and send to:
UISCE,
Cuan Eilí,
OP Clochar,
Béal an Átha,
Co.Mhaigh Eo
UISCE,
Cuan Eilí,
OP Clochar,
Béal an Átha,
Co.Mhaigh Eo
CÚRSA LEASMHÚINTEOIRÍ, ARDCHINNIRÍ SIN. & MAOIRSEOIRÍ OICHE
CUR SÍOS AR AN gCÚRSA
Ar an gcúrsa seo faigheann na hArdchinnirí Sinsearacha / Leas Múinteoirí / Maoirseoirí Oíche deiseanna chun scileanna ceannaireachta agus cumarsáide a fhorbairt i suíomh dearfach Gaelach. Is cúrsa d’ardchaighdeán é seo a chothaíonn deiseanna chun údarás agus freagracht phearsanta agus idirphearsanta a chleachtadh. Is é príomhchuspóir an chúrsa ná chun
féinmhuinín a thabhairt don duine óg seasamh amach ón slua, forbairt phearsanta a dhéanamh agus bheith éifeachtach agus féinmhuiníneach agus é / í i gceannas ar dhaoine óga.
Cuirimid tús le cáilíochtaí an AC Shinsearaigh / LM / OM ar an gcúrsa traenála.
Táimid ag cur cúrsa garchabhrach agus cúrsa bád tarrthála ar fáil. Tá na cúrsaí seo riachtanach chun bheith i do theagascóir eachtraí uisce.
POST AN LEASMHÚINTEORA / MHAOIRSEORA OÍCHE
Tá ról an Ardchinnire Shinsearaigh / Mhaoirseora Oíche / Leasmhúinteora thar a bheith tábhachtach chun fadhbanna easpa feitheoireachta, timpistí, Béarla agus pleidhcíochta a sheachaint. Tá páirt lárnach ag an Maoirseoir Oíche chun cabhrú le Coláiste UISCE agus leis an bpríomhoide chun cúrsa slán sásúil a rith. Sa phost seo caithfidh an AC Sinsearach / LM / OM sábháilteacht na bpáistí a chinntiú, an córas disciplíneach a chuir i bhfeidhm agus ardchaighdeán na Gaeilge a chothú timpeall an ionaid.
Bíonn an bhainistíocht ag súil go dtiocfaidh feabhas ar do chaighdeáin eachtraí uisce le linn do thréimhse mar AC Sinsearach / LM / OM sa chaoi go mbeidh tú in ann freastal ar chúrsa teagascóireachta ag deireadh an tsamhraidh. Tá an traenáil mar chuid lárnach den phost agus beidh deis ann na h-eachtraí cuí a chleachtadh gach lá.
AIDHMEANNA AN CHÚRSA – Aims Of The Course
• Scileanna idirphearsanta agus féinmhuinín a fheabhsú
• Scileanna ceannasaíochta a fhoghlaim agus a fhorbairt
• Cáillíochtaí bád tarrthála agus garchabhracha a fháil
• Féidearthachtaí ann chun teastais bhreise a bhaint amach sna heachtraí uisce
agus tabhairt faoi chúrsa teagascóireachta ag deireadh an tsamhraidh
• Scileanna réiteach fadhbanna a chleachtadh
• Cur le do chumas Gaeilge idir labhairt agus scríobh
Buntáistí an Phoist
• Deis obair sa samhradh le foireann óg fhuinniúil
• Deis do chuid Gaeilge a fheabhsú
• Deis cur le do chaighdeáin eachtraí
• Deis cúrsa teagascóireachta a dhéanamh sna heachtraí uisce
• Deis chun teastas molta a fháil do do CV ag deireadh an chúrsa
• Meantóireacht a fháil ó shaineolaithe cúrsaí gníomhaíochtaí eachtraíochta agus uisce
Riachtanais an Chúrsa
• Aois 17+
• Gaeilge labhartha an-líofa
• Suim mhór i spóirt
RIAIL NA GAEILGE - The Irish Rule
Is suíomh oibre lán Gaelach é Coláiste UISCE. Is coinníoll oibre é Gaeilge a labhairt i gcónaí le
do chomhghleacaithe agus leis na páistí.






