| CLÁR AMA - Timetable | |
08:15 |
Bricfeasta |
09:30 |
Léachtanna / Eachtraí |
13:00 |
Lón |
14:00 |
Léachtanna / Eachtraí |
18:00 |
Dinnéar |
20:00 |
Eachtraí Oíche |
22:00 |
Suipéar |
22:30 |
Seomraí |
23:00 |
Soilse Amach |
Complete and sign the 2 forms, include deposit and send to:
UISCE,
Cuan Eilí,
OP Clochar,
Béal an Átha,
Co.Mhaigh Eo
UISCE,
Cuan Eilí,
OP Clochar,
Béal an Átha,
Co.Mhaigh Eo
CÚRSA TRAENáLA NA nARDCHINNIRí - Youth Leadership & Prefect Course
CUR SÍOS AR AN gCÚRSA
Ar an gcúrsa seo faigheann na Cinnirí óga deiseanna scileanna ceannaireachta agus cumarsáide a fhorbairt i suíomh dearfach Gaelach. Is cúrsa d’ardchaighdeán é seo chun údarás agus freagracht a chleachtadh go pearsanta agus le daoine eile. Beidh an té a thugann faoin gcúrsa seo ábalta dul i bhfeidhm ar dhaoine. Cuirfear saineolas ar fáil conas tabhairt faoi
chaidreamh éifeachtach sóisialta mar chinnire. Beidh na daoine óga ag foghlaim scileanna ceannaireachta chun tabhairt faoi phost freagrachta amach anseo.
Is é príomhchuspóir an chúrsa ná chun féinmhuinín a thabhairt don duine óg seasamh amach ón slua, forbairt phearsanta a dhéanamh, agus bheith éifeachtach agus féinmhuiníneach i gceannas ar dhaoine óga.
Ní mór duit tuiscint nach bhfuil ach méid áirithe post le líonadh chuile bhliain. Ní ionann teacht ar an gcúrsa seo agus post a fháil mar Ardchinnire.
POST AN ARDCHINNIRE
Tá ról lárnach fíorthábhachtach ag an Ardchinnire i gColáiste UISCE. Is post dúshlánach agus freagrach é. Cabhraíonn na hArdchinnirí chun atmaisféar Gaelach a chothú sa lóistín agus bíonn deis agat páirt a ghlacadh sna heachtraí uisce agus talún. Ina theannta sin tagann feabhas ar do chaighdeán agus líofacht sa Ghaeilge, mar aon le do scileanna cumarsáide agus cinnireachta.
Tá an post seo feiliúnach d’iarscoláirí UISCE nó daoine a bhfuil suim acu sa Ghaeilge agus sna heachtraí uisce agus talún. Ní mór duit bheith 17 mbliain d’aois chun an post a dhéanamh. Go hiondúil bíonn gá freastal ar chúrsa traenála na nArdchinnirí agus agallamh a dhéanamh roimh dhuit an post a fháil.
AIDHMEANNA AN CHÚRSA – Aims Of The Course
• Deis scileanna idirphearsanta agus féinmhuinín a fheabhsú
• Deis scileanna ceannasaíochta a fhoghlaim agus a fhorbairt
• Seans spóirt nua a fhoghlaim
• Féidearthachtaí chun teastais bhreise a bhaint amach sna heachtraí uisce
• Deis scileanna réiteach fadhbanna a chleachtadh
• Cur le cumas Gaeilge an dalta idir labhairt agus scríobh
• Scileanna agallaimh a chleachtadh
• Deis chun teastas molta a fháil don CV agus taithí oibre den scoth
• Meantóireacht a fháil ó shaineolaithe cúrsaí ceannaireachta
Buntáistí an Phoist
• Post íoctha sa samhradh le foireann óg fhuinniúil
• Deis do chuid Gaeilge a fheabhsú
• Deis na heachtraí a fhoghlaim agus a chleachtadh
• Deis chun teastas molta a fháil don CV agus taithí oibre den scoth
Riachtanais an Chúrsa
• Aois 16+
• Gaeilge labhartha an-líofa
• Suim mhór i spóirt
• Suim i ról ceannaireachta
RIAIL NA GAEILGE - The Irish Rule
Is suíomh oibre lán Gaelach é Coláiste UISCE. Is coinníoll oibre é Gaeilge a labhairt i gcónaí le
do chomhghleacaithe agus leis na páistí.






